“Foraois Bháistí” agus dánta eile le Doireann Ní Ghríofa

Some new poems of mine feature on Christine Murray’s wonderful site Poethead today.
Dánta úra ar Poethead inniu, le buíochas ó chroí do Christine Murray.

Poethead; a poetry blog

Foraois Bháistí

 
I mbreacsholas na maidine, leagaim uaim an scuab
nuair a aimsím radharc nach bhfacthas cheana
 
ag dealramh ar an mballa: fuinneog úr snoite as solas,
líonta le duilleog-dhamhsa. Múnlaíonn géaga crainn
 
lasmuigh na gathanna gréine d’fhonn cruthanna dubha
a chur ag damhsa ar an mballa fúthu, an duilliúr ina chlúmh
 
tiubh glas, an solas ag síothlú is ag rince tríothu.
Fuinneog dhearmadta ar dhomhain eile atá ann, áit agus am
 
caillte i gcroí na Brasaíle, áit a shamhlaím fear ag breathnú
ar urlár na foraoise, ar an mbreacscáth ann, faoi dhraíocht
 
ag imeartas scáile, dearmad déanta aige ar an léarscáil,
ar an bpár atá ag claochlú ina lámh: bánaithe anois,
 
gan rian pinn air níos mó, gan ach bearna tobann
ag leá amach roimhe. Airíonn sé coiscéim
 
agus breathnaíonn sé siar thar a ghualainn,
mar a bhreathnaímse thar mo ghualainn…

View original post 1,512 more words

Advertisements